Cás-Staidéir Cruinneas

 

Cruinneas sonraí

Sa chás seo, rinne an gearánach gearán le comhlacht rialála gairmiúil maidir le hiompar duine rialáilte. Níor thacaigh an comhlacht rialála gairmiúil leis an ngearán sin. Ina ghearán chuig an DPC, mhaígh an gearánach gur thaifead an comhlacht rialála gairmiúil sonraí pearsanta a bhain leis go míchruinn i miontuairiscí an chruinnithe. Chomh maith leis sin, mhaígh an gearánach gur thaifead an comhlacht rialála gairmiúil na sonraí pearsanta céanna a bhain leis an ngearánach go míchruinn i litir a sheol sé chuig tríú páirtí.

Sular cuireadh tús le himscrúdú i ndáil leis an ngearán seo, rinne an DPC athbhreithniú ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil agus dheimhnigh sé an comhlacht rialála gairmiúil de réir mar a aithníodh é mar an rialaitheoir sonraí ábhartha i ndáil leis an ngearán, toisc gur rialaigh sé ábhar agus úsáid shonraí pearsanta an ghearánaigh chun críocha imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán . Bhí na sonraí a bhí i gceist ina sonraí a bhain leis an ngearánach, bhíothas in ann an gearánach a aithint uathu agus bhain na sonraí leis an ngearánach mar dhuine aonair . Dá bhrí sin, bhí an DPC sásta gur chóir imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán lena chinneadh an raibh sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí i gceist .

Le linn don imscrúdú ar an ngearán seo bheith ar siúl, ghlac an comhlacht rialála gairmiúil leis gur taifeadadh na sonraí pearsanta a bhí i gceist go míchruinn agus, maidir leis na sonraí a taifeadadh sna miontuairiscí, gur ceartaíodh na sonraí trí bhíthin soiléiriú a chur isteach . Ar an mbonn sinn, mheas an oifig seo gur taifeadadh na sonraí pearsanta sna miontuairiscí cruinnithe agus sa litir chuig an tríú páirtí go míchruinn, de shárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí .

Chomh maith leis sin, rinne an oifig seo iniúchadh lena fháil amach ar phróiseáil an comhlacht rialála gairmiúil sonraí pearsanta an ghearánaigh ar bhealach cothrom, de réir mar a éilítear faoin reachtaíocht um chosaint sonraí . D’fhonn cloí leis an riachtanas sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach cothrom, ní mór do rialaitheoirí sonraí a chinntiú go gcuirtear faisnéis áirithe ar fáil d’ábhair sonraí nó go bhfuil sé furasta teacht uirthi sin . Rinne an oifig seo athbhreithniú ar an bhfaisnéis a luaigh an comhlacht rialála gairmiúil a bhí ar fáil do dhaoine aonair maidir le gearán a dhéanamh, i riocht an leabhráin faisnéise . Ní raibh aon mhionsonraí áirithe sa leabhrán seo maidir le ceart rochtana daoine aonair ar shonraí pearsanta a bhaineann leo agus an ceart atá ag daoine aonair sonraí míchruinne maidir leo a chur i gceart .

Ós rud é nach raibh an fhaisnéis ar fad sa leabhrán a raibh sé riachtanach í a chur ar fáil d’ábhair sonraí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí agus ós rud é nár chuir an comhlacht rialála gairmiúil aon mhionsonraí eile ar fáil maidir le bearta eile a bhí i bhfeidhm aige ag an am ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar a oibleagáidí i ndáil le próiseáil chothrom, ní raibh an DPC sásta gur chloígh an comhlacht rialála gairmiúil lena chuid oibleagáidí i ndáil le próiseáil chothrom .

Faoin GDPR, ní mór do rialaitheoirí sonraí a chinntiú go bhfuil sonraí pearsanta cruinn agus, nuair is gá, coinnithe cothrom le dáta, agus ní mór gach beart réasúnach a dhéanamh lena chinntiú go ndéantar sonraí pearsanta atá míchruinn, ag féachaint do na críocha a phróiseáiltear iad, a scriosadh nó a chur i gceart gan mhoill . Faoi Airteagal 16 den GDPR, tá an ceart ag ábhar sonraí (faoi réir eisceachtaí áirithe) ceartú sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a fháil ón rialaitheoir sonraí gan mhoill mhíchuí .

Chomh maith leis sin, éilítear faoin GDPR go ndéanfaí sonraí pearsanta a phróiseáil go cothrom agus ar bhealach trédhearcach . Ba chóir do rialaitheoir sonraí aon fhaisnéis atá riachtanach a chur ar fáil d’ábhar sonraí d’fhonn próiseáil chothrom agus thrédhearcach a chinntiú, agus na cúinsí agus comhthéacs ar leith ina bhfuil na sonraí á bpróiseáil á gcur san áireamh . Go háirithe, i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ón ábhar sonraí, éilítear faoi Airteagal 13 den GDPR go gcuirfeadh an rialaitheoir sonraí faisnéis ar fáil don ábhar sonraí, i measc nithe eile, maidir le sainiúlacht agus sonraí teagmhála an rialaitheora agus a oifigigh cosanta sonraí (i gcás inarb infheidhme), an cuspóir atá leis an bpróiseáil, faighteoirí nó catagóirí faighteoirí na sonraí agus faisnéis maidir leis na cearta i ndáil le sonraí pearsanta a chur ina gceart nó a scriosadh .