Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Taifid ina raibh sonraí pearsanta a choimeád siar
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair maidir le taifid ina raibh sonraí pearsanta a bheith á gcoimeád siar mar fhreagra ar iarraidh rochtana. Rinne an duine aonair iarraidh rochtana chuig soláthraí seirbhíse airgeadais faoi Airteagal 15 RGCS, tar éis morgáiste an duine aonair a dhíol leis an eagraíocht sin.
Dúirt an eagraíocht go raibh sonraí pearsanta á gcoimeád siar ón gcustaiméir ar aon dul le halt 60(3)(b) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 (Acht 2018). Luaigh an eagraíocht “nach ionann doiciméid urrúsúcháin agus sonraí pearsanta [an ghearánaigh]”.
Mhínigh an Coimisiún don eagraíocht an sainmhíniú atá ar shonraí pearsanta faoi Airteagal 4(1) RGCS. Mhínigh sé freisin di go dtarlódh sé, dá mbeadh sonraí pearsanta an duine aonair in aon cheann de na doiciméid luaite a bhí á gcoimeád siar, go mbeadh soiléiriú ag teastáil maidir leis an spleáchas ar na srianta a bhí á gcur i bhfeidhm. Fuair an Coimisiún freagra ón eagraíocht á dhearbhú nach raibh aon sonraí pearsanta sna doiciméid urrúsúcháin, agus tagairt bhreise á déanamh aici do “litir freagartha deiridh” a d’eisigh sí chuig an duine aonair. Ina dhiaidh sin, d’iarr an Coimisiún cóip den “litir freagartha deiridh” sin. D’iarr sé freisin liosta de na sonraí pearsanta a líomhnaíodh a bheith fós amuigh agus aon fhaisnéis eile faoi shuíomh aon taifead ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair. D’iarr an Coimisiún ar an eagraíocht freisin breac-chuntas sonrach a thabhairt ar gach taifead ina raibh sonraí pearsanta a bhí á gcoimeád siar agus ar an mbunús reachtúil do dhéanamh amhlaidh.
Luaigh an eagraíocht ar dtús go raibh sí ag brath ar ailt 60(3) agus 60(7) d’Acht 2018 chun gan na doiciméid a eisiúint. D’fhiosraigh an Coimisiún a thuilleadh na srianta a bhí á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht. De bhun an chaidrimh sin, dheimhnigh an eagraíocht don Choimisiún nach mbeadh sí ag brath a thuilleadh ar aon chuid d’alt 60 d’Acht 2018 chun sonraí pearsanta an duine aonair a choimeád siar. I bhfianaise na hidirghabhála ón gCoimisiún, thug an eagraíocht don duine aonair a shonraí pearsanta a cuireadh srian leo roimhe sin.
Tar éis na doiciméid sin a eisiúint, chuir an duine aonair in iúl go raibh sonraí pearsanta breise ann, agus d’iarr sé cóipeanna de ráitis mhorgáiste ó bhliain ar leith. D’fhiosraigh an Coimisiún é sin leis an eagraíocht, agus d’eisigh sí na sonraí pearsanta breise chuig an duine aonair ansin. Chinn an Coimisiún gur mhainnigh an eagraíocht freagra a thabhairt ar an iarraidh rochtana laistigh den chreat ama atá sonraithe faoi Airteagal 12(3) RGCS.