Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Sonraí a bhaineann le Feithicil a Iarraidh
Tharraing duine aonair fiosrú anuas leis an gCoimisiún maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhí ina sheilbh ag garáiste agus inar mionsonraíodh stair feithicle atá faoi úinéireacht an duine aonair anois. Áiríodh leis an bhfaisnéis sin mionsonraí faoi dhamáistí a measúnaíodh, faoi dheisiúcháin a moladh, agus faoi thuairisc innealtóra a rinneadh ag deireadh bliana ar leith. Chuir an duine aonair iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid an gharáiste chun teacht ar na sonraí uile a bhaineann leis an bhfeithicil. Dhiúltaigh an garáiste don iarraidh. Ós rud é go raibh sé míshásta leis an bhfreagra a fuarthas ón ngaráiste, rinne an duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún chun a ábhair imní a chur in iúl.
Mar fhreagra air sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an iarraidh, agus sholáthair sé faisnéis ábhartha, á rá go bhfuil “sonraí pearsanta” sainmhínithe in Airteagal 4(1) RGCS mar aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta. Cé go bhféadfaí a mheas gur sonraí pearsanta é pláta clárúcháin feithicle, níor leis an duine aonair mar dhuine nádúrtha a bhain riocht na feithicle féin sular tháinig sí faoi úinéireacht an duine aonair. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún nach raibh aon fheidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir leis an gcás seo. D’fhág sé sin nár tháinig na hábhair imní a tarraingíodh anuas faoi shainchúram an Choimisiúin.