Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Rochtain a iarraidh ar thaifid liachta siblín éagtha
Rinne duine aonair teagmháil leis an gCoimisiún chun a fhiafraí conas rochtain a fháil ar thaifid liachta a shiblín éagtha, a fuair bás go tragóideach mar naíonán cuid mhór blianta roimhe sin. Ós rud é gur éag an bheirt tuismitheoirí roinnt blianta ó shin freisin, ní raibh an duine aonair in ann faisnéis a fháil faoi na himthosca a bhí taobh thiar de bhás a shiblín.
Aithníonn an Coimisiún a íogaire atá fiosruithe den sórt seo agus, i ngach cás, freagraíonn sé dóibh le comhbhá agus le meas. Sa chás seo, cuireadh in iúl don duine aonair go bhfuil sonraí pearsanta sainmhínithe mar a leanas in Airteagal 4(1) RGCS: “aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (ábhar sonraí)”. Mar sin féin, mar atá leagtha amach in Aithris 27 RGCS, níl feidhm ag an dlí cosanta sonraí maidir le sonraí pearsanta daoine éagtha. D’ainneoin chineál íogair an fhiosraithe a dúisíodh, agus cé go bhféadfadh an eagraíocht a roghnú na sonraí a bhí á n-iarraidh a eisiúint, chuir an Coimisiún in iúl, mar atá leagtha amach thuas, nach bhféadfadh sé iallach a chur ar an eagraíocht na sonraí a eisiúint toisc nach raibh aon oibleagáid ar an eagraíocht déanamh amhlaidh faoi RGCS.
Mar thoradh air sin, luaigh an Coimisiún nach bhféadfaí an dlí cosanta sonraí a chur i bhfeidhm maidir leis an tsaincheist lena mbaineann agus, dá réir sin, nár tháinig na hábhair imní a tarraingíodh anuas faoi shainchúram an Choimisiúin. Ar an drochuair, d’fhág sé sin nach raibh an Oifig in ann cabhrú leis an duine aonair sa chás seo.