Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Oibleagáidí an Rialaitheora Sonraí i gcomparáid le hOibleagáidí an Phróiseálaí Sonraí
Rinne duine aonair iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS chuig eagraíocht ar chreid sé go raibh sí ag próiseáil a shonraí pearsanta. Tar éis an iarraidh sin a fháil, chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair nárbh ionann í féin agus an rialaitheoir sonraí sa chás seo. Dúirt an eagraíocht leis an duine aonair gur chuir sí an iarraidh ar aghaidh chuig an rialaitheoir sonraí iarbhír i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagal 28(3)(e) RGCS cuidiú “…leis an rialaitheoir, a mhéid is féidir, trí bhearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a bhaineann le comhlíonadh oibleagáid an rialaitheora iarrataí a fhreagairt maidir le feidhmiú chearta an ábhair sonraí”. Ní raibh an duine aonair sásta leis an bhfreagra agus chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin.
D’iarr an Coimisiún fianaise dhoiciméadach ar an eagraíocht (an próiseálaí sonraí) lena dtacófaí leis an maíomh uaithi a rá nárbh ionann í féin agus an rialaitheoir sonraí sa chás seo. Sholáthair an eagraíocht don Choimisiún cóip de chomhaontú um chosaint sonraí, rud inar mionsonraíodh go sainráite gurbh ionann an eagraíocht agus an próiseálaí sonraí agus gurbh ionann an páirtí eile agus an rialaitheoir sonraí i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil sa chás seo. Leagadh amach go mion sa chomhaontú sin nár phróiseáil an eagraíocht aon sonraí pearsanta ach amháin ar threoir a fháil ón rialaitheoir sonraí. Scrúdaigh an Coimisiún an comhaontú sin, agus dhearbhaigh sé gurbh ionann an eagraíocht ar chuir an duine aonair an iarraidh rochtana faoina bráid agus an próiseálaí sonraí sa chás seo.
Ghlac an Coimisiún leis gurbh ionann an eagraíocht agus an próiseálaí sonraí do na sonraí pearsanta a iarradh sa chás seo agus gur chomhlíon sí a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 15 RGCS agus faoi Airteagal 28(3)(e) RGCS araon.