Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus rochtain ar shonraí pearsanta á diúltú

Bhí seilbh ag an ngearánach roimhe sin ar mhaoin i bhforbraíocht arna bhainistiú ag cuideachta bhainistíochta. Rinne an gearánach iarratas ar rochtain ar shonraí chuig an gcuideachta bhainistíochta ach i dtuairim an ghearánaigh mhainnigh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a chur ar fáil sa fhreagra a tugadh.

Cinneadh gurbh é an chuideachta bhainistíochta an rialaitheoir sonraí de bharr gur rialaigh sí ábhar agus úsáid shonraí pearsanta an ghearánaigh chun críocha ról na cuideachta mar chuideachta bhainistíochta i leith forbraíocht ina raibh seilbh ag an ngearánach ar mhaoin. Is éard a bhí sna sonraí atá faoi thrácht (i measc nithe eile) ná ainm agus seoladh an ghearánaigh . Sonraí pearsanta a bhí i gceist de bharr go bhféadfaí an gearánach a aithint astu agus de bharr gur bhain siad leis an ngearánach mar dhuine aonair.

Le linn don scrúdú a rinne an DPC ar an ngearán, chuir an rialaitheoir sonraí cuntas ar fáil maidir le comhad ina raibh sonraí pearsanta uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil siar ar an mbonn go raibh siad faoi phribhléid go dlíthiúil. Níor tagraíodh don chomhad i bhfreagra an rialaitheora sonraí ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain. Tugadh faoi deara gur cheart don rialaitheoir sonraí tagairt a dhéanamh don chomhad seo mar aon leis an gcúis nó na cúiseanna ar dhiúltaigh sé an comhad a chur ar fáil don ghearánach, ina fhreagra ar iarraidh an ghearánaigh ar rochtain.

Ansin scrúdaigh an DPC ar chuir an rialaitheoir sonraí sonraí uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, de réir mar a éilítear ó reachtaíocht. Thug an DPC dá aire gur chuir an gearánach cuntais shonracha mhionsonraithe ar fáil maidir leis na sonraí ar chreid an gearánach nár cuireadh iad ar fáil. Mar fhreagra, luaigh an rialaitheoir sonraí nár choinnigh sé sonraí i dtaca le cúrsaí ar chreid sé go raibh deireadh leo agus go ndearna sé sonraí uile an ghearánaigh a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí ar dháta an iarrata ar rochtain a chur ar fáil don ghearánach. Bhí an oifig den tuairim go raibh sé inchreidte nach gcoinneodh an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta ar feadh tréimhse éiginnte. Bhí an DPC sásta gur chuir an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta uile an ghearánaigh ar fáil don ghearánach, (lasmuigh den chomhad ar mhaígh an rialaitheoir sonraí pribhléid dhlíthiúil ina leith, mar a leagtar amach thuas). Dá bhrí sin, ní raibh aon sárú eile ar an reachtaíocht .

Faoi Airteagal 15 den GDPR, tá sé de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ón rialaitheoir sonraí ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, agus atá á bpróiseáil. Níl feidhm ag an gceart sin, áfach, maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil chun comhairle dlí a lorg, a fháil nó a thabhairt, ná le sonraí pearsanta a bhféadfaí éileamh ar phribhléid a dhéanamh ina leith chun críocha nó le linn imeachtaí dlí (Alt 60(3)(a)(iv) den Acht um Chosaint Sonraí 2018). I gcás ina ndiúltaíonn rialaitheoir sonraí iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta a chomhlíonadh, éilítear faoi Airteagal 12 den GDPR go gcuirfear an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas gan mhoill maidir leis na cúiseanna a bhí leis an diúltú sin.

.