Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Mainneachtain iarraidh ar rochtain a fhreagairt go hiomlán

Bhain an gearán seo le hiarratas ar rochtain a rinne an gearánach. Bhí an gearánach míshásta gur dhiúltaigh an rialaitheoir sonraí, Comhairle Contae, dá iarratas ar rochtain ar chóip d’aon fhaisnéis faoin ngearánach arna choinneáil ag an rialaitheoir sonraí de láimh agus i bhfoirm leictreonach. Ina ionad sin chuir an rialaitheoir sonraí in iúl don ghearánach go raibh na comhaid a iarradh ar fáil ar líne nó ar fáil le breathnú orthu in áitreabh an rialaitheora sonraí.

Le linn don imscrúdú ar an ngearán seo a bheith ar bun, líomhain an gearánach nárbh ionann na comhaid a cuireadh ar fáil don ghearánach in áitreabh an rialaitheora sonraí agus na sonraí pearsanta uile a bhain leis an ngearánach a bhí á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí. Bhí an rialaitheoir sonraí den tuairim, áfach, go raibh an iarraidh ar rochtain a rinne an gearánach teoranta do shonraí pearsanta arna choinneáil i dtaca le dhá iarratas pleanála. Ba é ba chúis leis sin gur luaigh an gearánach uimhreacha tagartha do na hiarratais phleanála ar an iarratas ar rochtain. Dá réir sin, d’fhéach an rialaitheoir sonraí le hidirdhealú a dhéanamh idir sonraí pearsanta a bhain leis na comhaid phleanála a bhí ar fáil go poiblí, ar soláthraíodh don ghearánach iad le breathnú orthu go poiblí, agus sonraí pearsanta a cruthaíodh tar éis gur diúltaíodh d’iarratas pleanála an ghearánaigh, ar mheas an rialaitheoir sonraí iad a bheith lasmuigh de scóip an iarrata ar rochtain.

Cé gur luaigh an gearánach dhá iarratas pleanála ar leith, gur cuireadh an iarraidh ar rochtain in iúl i dtéarmaí ginearálta agus lorg sé rochtain ar “aon fhaisnéis a choinníonn tú fúm i bhfoirm leictreonach nó de láimh”. Dá réir sin, measadh gur chuimsigh na sonraí pearsanta a lorg an gearánach na sonraí uile a d’eascair i gcomhthéacs theagmháil an ghearánaigh leis an rialaitheoir sonraí sular cuireadh an dá iarratas pleanála a sainaithníodh isteach agus na sonraí ar fad a d’eascair tar éis gur diúltaíodh do na hiarratais sin.

Cinneadh, de bharr cúinsí áirithe an cháis, gur sháraigh an rialaitheoir sonraí a chuid oibleagáidí cosanta sonraí nuair a mhainnigh sé cóip iomlán de shonraí pearsanta an ghearánaigh a sholáthar don ghearánach mar fhreagra ar an iarraidh ar rochtain laistigh den tréimhse  reachtúil. Faoin GDPR, baineann Airteagal 15 leis an gceart rochtana ag an ábhar sonraí faoi réir shonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin atá á gcoinneáil ag an rialai- theoir  In Airteagal 12(3) leagtar amach an coinníoll inarb éigean don rialaitheoir na sonraí pearsanta sin a chur ar fáil. Tá dualgas ar an rialaitheoir faisnéis faoin ngníomh a rinneadh faoi iarraidh dá leithéid sin a chur ar fáil gan mhoill mhíchuí agus go fiú is laistigh d’aon mhí amháin tar éis an iarraidh a fháil. Chomh maith leis sin leagtar imthosca amach san airteagal sin lena bhforáiltear do shíneadh a chur leis an tréimhse sin.