Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Mainneachtain freagra a thabhairt ar Iarraidh Rochtana
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó dhuine aonair a rinne iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí chuig ospidéal stáit chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhí ag an ospidéal stáit maidir leis. Ní bhfuair an duine aonair aon fhreagra ar an iarraidh sin.
Tar éis dó a chinntiú go raibh ag an gCoimisiún an fhaisnéis ar fad a bhí ag teastáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar an ngearán ón duine aonair, rinne an Coimisiún idirghabháil thapa chun an ní a réiteach. Chuige sin, rinne an Coimisiún teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí don Ghrúpa Ospidéal agus chuir sé in iúl dó go bhfuaireamar gearán ó dhuine aonair maidir le mainneachtain freagra a thabhairt ar iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí.
Mheabhraigh an Coimisiún don ospidéal na hoibleagáidí atá air faoi RGCS, agus a aird á tarraingt ar Airteagal 12(3) RGCS, ina sonraítear go bhfuil oibleagáid ar rialaitheoirí freagra a thabhairt ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ón duine aonair laistigh den chreat ama reachtúil. Mar chuid den chaidreamh, thug an Coimisiún amlíne don ospidéal chun freagra a thabhairt don duine aonair agus chun cóip de na sonraí pearsanta a sholáthar dó. Chomhlíon an rialaitheoir sonraí an t-ordachán ón gCoimisiún. Tar éis dó a dheimhniú leis an duine aonair go bhfuair sé an fhaisnéis ar fad a d’iarr sé, d’eisigh an Coimisiún comhairle chuig an rialaitheoir sonraí, agus na hoibleagáidí atá air go sonrach faoi Airteagail 12 agus an ceanglas chun faisnéis a thabhairt faoi ghníomhartha a rinneadh i dtaca leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí á meabhrú dó.