Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Iarratais ar aitheantas nuair atá freagra á thabhairt ar iarratais ar rochtain

Fuarthas gearán ó dhuine aonair a raibh iarratas ar rochtain curtha isteach aige chuig óstán (an rialaitheoir sonraí) chun cóip a fháil den fhaisnéis ar fad a bhain leis. D’iarr an t-óstán ar an iarratasóir cóip de bhille fóntais agus cóip d’aitheantas fótagrafach a bhí deimhnithe ag An Garda Síochána a chur ar fáil. D’iarr an DPC ar an rialaitheoir sonraí na hábhair imní a bhí aige a leagan amach maidir le haitheantas an iarrthóra in imthosca ina raibh an seoladh poist agus an seoladh ríomhphoist a d’úsáid an t-iarrthóir ar na seoltaí céanna a chuir sé ar fáil le linn an phróisis áirithinte agus an phróisis seiceála isteach san óstán. Eisíodh na sonraí chuig ag iarrthóir ina dhiaidh sin.

Maidir leis an gcur chuige ginearálta i leith aitheantas a iarraidh nuair a fhéachann ábhair sonraí lena gcearta a fheidhmiú, níor chóir do rialaitheoirí ach a laghad faisnéise breise atá riachtanach agus cuí a iarraidh chun aitheantas an iarrthóra a chruthú . Ní dócha go mbeadh sé fóirste- anach cruthúnas ar aitheantas a lorg nuair nach bhfuil aon amhras dáiríre i gceist maidir le haitheantas; ach i gcás ina bhfuil amhras ann, nó i gcás gur faisnéis íogair atá san fhaisnéis a bhfuiltear á iarraidh, d’fhéadfadh sé bheith oiriúnach cruthúnas a iarradh.

Agus an prionsabal ginearálta maidir le sonraí a íoslaghdú á chur san áireamh, is dócha go mbeadh sé díréireach faisnéis sa bhreis ar an bhfaisnéis atá á coinneáil cheana féin a iarraidh mar bhealach chun aitheantas a chruthú. Ní dócha go mbeadh sé cuí aitheantas oifigiúil a iarraidh ach amháin sa chás gur faisnéis íogair atá sa chatagóir faisnéise a bhaineann leis an duine aonair agus sa chás go bhféadfaí an fhaisnéis san aitheantas oifigiúil a chomhthacú leis na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag an rialaitheoir sonraí cheana féin ar nós grianghraf, seoladh nó dáta breithe.

Ba chóir na catagóirí sonraí pearsanta atá á gcoinneáil agus an dóchúlacht go mbeadh rioscaí i gceist lena n-eisiúint a bhreithniú de réir an cháis d’fhonn an t-íosmhéid faisnéise atá ag teastáil a shocrú . I gcás nach bhfuil aon sonraí catagóire speisialta á gcoinneáil, d’fhéadfadh sé bheith leordhóthanach seoladh a dhearbhú . I gcásanna ina bhfuil sonraí catagóire speisialta i gceist, d’fhéadfadh sé bheith cuí faisnéis bhreise a lorg ach ná bíodh an fhaisnéis sin ach ina faisnéis amháin a bheadh leordhóthanach chun aitheantas a dhearbhú.