Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Iarraidh rochtana inar lorgaíodh sonraí tríú páirtí
Chuir duine aonair iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí faoi bhráid a iarfhostóra, ar cuideachta léiriúcháin físchluichí é. Chreid an duine aonair go raibh cúis ann lena mheas gur láimhseáil fostaí eile a raibh coinbhleacht leasa aige an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh. Tharraing an duine aonair sin ábhar imní anuas leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ansin, á líomhain, i measc nithe eile, gur chuir an tOifigeach Cosanta Sonraí (nach raibh an gearánach ar an eolas faoina chéannacht) moill d’aon ghnó ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí uaidh a chomhlíonadh. D’fhiafraigh an gearánach den Choimisiún an raibh oibleagáid ar an gcuideachta léiriúcháin ainm na ndaoine aonair a raibh baint acu leis an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a láimhseáil a sholáthar.
Rinne an Coimisiún measúnú ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an gceist sin agus, sa fhreagra uaidh, thagair sé do mhír 73 de bhreithiúnas C-579/21 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 15(4) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Soiléiríodh sa bhreithiúnas sin “nach féidir fostaithe an rialaitheora a mheas a bheith ina ‘bhfaighteoirí’ de réir bhrí Airteagal 15(1)(c) RGCS [...] nuair a phróiseálann siad sonraí pearsanta faoi údarás an rialaitheora sin agus de réir na dtreoracha uaidh”. Dá bharr sin, chuir an Coimisiún in iúl don ghearánach nach raibh sé i dteideal liosta a fháil de na fostaithe a raibh baint acu leis an bhfreagra uathu ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí a ullmhú faoin gcatagóir “faighteoirí” dá bhforáiltear faoi Airteagal 15(1)(c) RGCS. Tar éis an mionsonra sin a shoiléiriú agus an cheist ón ngearánach a réiteach, cuireadh an cás i gcrích.