Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Gearán a bhain le hIarraidh Rochtana ar iarradh go n-íocfaí táille ina leith
Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí gearán ó aturnae i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig liachtlann chun cóip a fháil de shonraí pearsanta a chliaint. Bhain an gearán le héileamh a rinne an liachtlann chuig aturnae an ghearánaigh á iarraidh go n-íocfaí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil. Chuir aturnae an ghearánaigh in iúl don liachtlann go bhfuil rochtain ar chóip de shonraí pearsanta saor in aisce faoi RGCS agus gurbh fhéidir gur de bhotún a eisíodh an litir inar iarradh go n-íocfaí táille.
Tar éis dó an gearán seo a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an liachtlann chun a fháil amach cén fáth ar iarr sí táille chun an iarraidh rochtana a phróiseáil agus chun deimhniú a fháil ón liachtlann maidir le cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon sí an iarraidh rochtana.
Thug an liachtlann freagra pras don Choimisiún ansin, agus í ag glacadh leis nár cheart aon táille a iarraidh. Dúirt sí freisin gur cuireadh oiliúint bhreise cosanta sonraí ar bhaill foirne na liachtlainne maidir leis na hoibleagáidí atá orthu i leith othair a dhéanann iarrataí rochtana. D’inis an liachtlann don Choimisiún gur tugadh cóip de na sonraí pearsanta d’aturnae an ghearánaigh agus gur ghabh sí a leithscéal leis.