Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Faisnéis a fholú de bhun iarraidh rochtana
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a chuir iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid a iarfhostóra (eagraíocht sláinte poiblí), a sholáthair seirbhísí Tacaíochta Baile.
Thug an eagraíocht freagra ar an iarraidh rochtana laistigh den tréimhse reachtúil, is é sin mí amháin ón dáta a bhfuarthas an iarraidh. Agus í ag rá go ndearna sí dianiarracht an iarraidh rochtana a chomhlíonadh, chuir an eagraíocht in iúl don duine aonair sa fhreagra sin freisin go mbeadh sí ag iarraidh brath ar roinnt foluithe féideartha faoi Airteagal 15(4) RGCS. Sholáthair an eagraíocht don duine aonair roinnt píosaí sonraí pearsanta ina raibh foluithe.
Foráiltear le hAirteagal 15(4) nár cheart don cheart atá ag duine aonair chun cóip a fháil de shonraí pearsanta atá á bpróiseáil dochar a dhéanamh do na cearta ná na saoirsí atá ag daoine eile.
Chuir an duine aonair gearán faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil leis an ábhar imní a bhí aige maidir le spleáchas na heagraíochta ar Airteagal 15(4) RGCS. Thug an duine aonair le fios freisin go raibh imní air nár eisigh an eagraíocht na sonraí pearsanta uile.
Chuir an Coimisiún in iúl don eagraíocht gur ghá di, sula bhféachfadh sí le brath ar an díolúine sin, cleachtadh cothromúcháin ceart a dhéanamh chun ceart an duine aonair chun rochtain a fháil ar a shonraí pearsanta a chothromú leis an riosca sainaitheanta a d’fhéadfadh a bheith ann don tríú páirtí mar thoradh ar an bhfaisnéis lena mbaineann a nochtadh. Faoi RGCS, ba cheart d’eagraíochtaí dianiarracht a dhéanamh an iarraidh a chomhlíonadh a mhéid is féidir agus, an tráth céanna, cosaint leordhóthanach a chinntiú do chearta agus saoirsí daoine eile.
Rinne an Coimisiún caidreamh leis an eagraíocht, agus d’iarr sé uirthi na taifid sonraí pearsanta a ndearna sí athscrúdú orthu a eisiúint chuig an duine aonair. D’iarr an Coimisiún ar an eagraíocht freisin a dheimhniú don duine aonair nach raibh sí ag coimeád siar aon doiciméad eile ina raibh sonraí pearsanta a bhaineann leis.
Ina dhiaidh sin, sholáthair an eagraíocht don Choimisiún cóip den chomhfhreagras a sheol sí chuig an duine aonair, agus í ag deimhniú go raibh sí tar éis na taifid sonraí pearsanta a eisiúint i bhformáid a bhí folaithe go páirteach. Ba iad sin na sonraí a choimeád sí siar ar dtús. Dheimhnigh an eagraíocht don duine aonair freisin nár shealbhaigh sí aon taifid eile a bhaineann leis. Bhí an duine aonair sásta gur réitíodh na nithe uile ar bhealach dóthanach.
Tar éis na hidirghabhála ón gCoimisiún, dheimhnigh an eagraíocht don Choimisiún go ndearna sí athscrúdú ar na taifid a d’eisigh sí ar dtús i bhformáid a bhí folaithe go hiomlán. Dheimhnigh sí freisin gur eisigh sí codanna de na taifid ansin, agus í ag folú sonraí ar shonraí tríú páirtí iad.