Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana

 

Eisíodh Fógra Forfheidhmiúcháin mar gheall ar fhreagra neamhiomlán a thabhairt ar iarraidh rochtana

Fuair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gearán inar thug ionadaí an ghearánaigh le fios go raibh sé ag iarraidh gearán foirmiúil a dhéanamh maidir leis an moill a chuir Comhlacht Poiblí, ar Tusla é, ar shonraí ina raibh sonraí pearsanta a chliaint a eisiúint, de bhun iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí. Luaigh an t-ionadaí freisin nár tugadh freagra iomlán ar an iarraidh rochtana ón ngearánach agus go raibh na taifid ina raibh sonraí pearsanta á bhfáil aige ina bpíosaí le dhá bhliain anuas. Níorbh eol d’ionadaí an ghearánaigh an méid sonraí pearsanta a bhí fós amuigh i ndáil leis an iarraidh rochtana óna chliant. 

Thosaigh an Coimisiún ag déanamh scrúdú ar an ngearán trí theagmháil a dhéanamh le Tusla, agus é ag iarraidh air cóip de na sonraí pearsanta uile a shealbhaigh nó a rialaigh sé i ndáil leis an duine aonair a sholáthar don duine aonair nó fógra a thabhairt don duine aonair faoin gcinneadh uaidh diúltú don iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí, agus sainaithint á déanamh ar aon srian reachtúil a raibh sé ag brath air chun a shonraí a choimeád siar. 

Mar fhreagra air sin, dúirt an rialaitheoir sonraí go mbeadh sé in ann sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Chuaigh an spriocdháta sin thart, áfach, gan taifid iomlána ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint chuig an ábhar sonraí. Tar éis don Choimisiún plé leis an ní, dúirt an rialaitheoir sonraí gurbh amhlaidh, mar gheall ar an méid sonraí pearsanta lena mbaineann, a d’eiseofaí sonraí pearsanta an duine aonair ina mbaisceanna. Bheadh an scaoileadh sin faoi réir srianta a chur i bhfeidhm i leith sonraí neamhphearsanta tríú páirtí, i leith pribhléid ghairmiúil dlí agus i gcás gur dhíspeagadh imeachtaí cúirte a bheadh in eisiúint na sonraí pearsanta. 

Dheimhnigh aturnae an ghearánaigh ina dhiaidh sin go bhfuair sé sciar de shonraí pearsanta a chliaint. Chuir sé in iúl, áfach, gur folaíodh cuid mhór de na sonraí sin. Shoiléirigh sé cé na taifid ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair a bhí fós amuigh agus a bhí á lorg aige i dteannta na sonraí pearsanta eile a bhí á bpróiseáil. Malartaíodh méid fairsing comhfhreagrais idir Tusla agus an Coimisiún ar feadh tréimhse fhada ama ansin, ar lena linn a mhainnigh an rialaitheoir sonraí roinnt spriocdhátaí a chomhlíonadh i ndáil le taifid ina raibh sonraí pearsanta a eisiúint agus/nó a mhainnigh Tusla freagra a thabhairt ar chomhfhreagras ón gCoimisiún agus ó ionadaí an ábhair sonraí. 

Mheas an Coimisiún nach bhféadfaí an gearán seo a réiteach go cairdiúil. Mheas sé é a bheith cuí an próiseas sin a chur i gcrích agus Fógra Forfheidhmiúcháin a eisiúint de bhun alt 109(5)(d)(i) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, chun ceanglas a chur ar an rialaitheoir sonraí na taifid sonraí pearsanta a bhí fágtha a thabhairt don ábhar sonraí laistigh de chreat ama sonraithe. Leis an bhfógra sin, cuireadh Tusla an eolas faoin méid seo a leanas: 

“Aon duine (is rialaitheoir sonraí nó próiseálaí sonraí) a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas a bheidh sonraithe i bhfógra forfheidhmiúcháin a chomhlíonadh, nó a dhiúltóidh do cheanglas den sórt sin a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoi alt 133(9) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus dlífear (i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó (ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €250,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.” 

Mar thoradh ar an bhFógra Forfheidhmiúcháin sin a eisiúint, eisíodh na taifid a bhí fágtha chuig an ábhar sonraí laistigh den chreat ama a bhí sonraithe san Fhógra Forfheidhmiúcháin. 

Key Takeaway

  • Bhí cumarsáid fhairsing idir an Coimisiún, Tusla agus ionadaí an ábhair sonraí i gceist leis an ngearán seo a scrúdú. Ní eiseofaí aon Fhógra Forfheidhmiúcháin ar bith sachás seo dá mba rud é gur thug an rialaitheoir sonraí freagra ar an iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí ar bhealach cuí agus laistigh de chreataí ama comhaontaithe. Léirítear sa chás seo na hiarmhairtí a bhíonn ann nuair a mhainníonn rialaitheoir sonraí na hoibleagáidí atá air faoi Airteagal 15 RGCS a chomhlíonadh. Ba cheart do rialaitheoirí sonraí na hiarmhairtí sin a bhreithniú tar éis iarraidh ar rochtain d’ábhar sonraí afháil faoi Airteagal 15 RGCS agus féachaint lena chinntiú go n-urramaítear an ceart bunúsach rochtana do gach ábhar sonraí.
  • Ba cheart d’eagraíochtaí a thabhairt faoi deara go gcoimeádann an CCS taifead ar ghearáin a fhaightear atá mar chuid d’aon bhreithniú ar ghníomh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear moltaí chun fiosrúchán a dhéanamh agus cumhachtaí foirmiúla a fheidhmiú a thuilleadh mar iomardú.