Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Diúltú d’Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí ó dhuine aonair nár chustaiméir é
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair i ndáil le hiarraidh rochtana a rinneadh chuig soláthraí seirbhíse Idirlín. Dar leis an duine aonair, chuir sé glao ar an gcuideachta maidir leis an bhféidearthacht a bhí ann seirbhísí leathanbhanda a athrú, agus mheas sé go raibh an leibhéal seirbhíse a fuair sé ón ngníomhaire um sheirbhís do chustaiméirí míshásúil. Mar thoradh air sin, rinne sé iarraidh rochtana chun cóip a fháil dá shonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil ag an gcuideachta.
Sa fhreagra uaithi ar an iarraidh rochtana sin, d’iarr an chuideachta tuilleadh faisnéise ar an duine aonair, lenar áiríodh a uimhir chuntais. Dúirt an duine aonair leis an gcuideachta nach raibh sé in ann uimhir chuntais a sholáthar, toisc nár chustaiméir é, á rá nach raibh ann ach custaiméir féideartha a bhí ag fiosrú faoina sheirbhís leathanbhanda a athrú. Sa fhreagra uaithi, d’inis an chuideachta don duine aonair nach bhféadfadh sí an iarraidh rochtana a phróiseáil gan aon uimhir chuntais. Rinne an duine aonair gearán leis an gCoimisiún ansin.
Tar éis an gearán a fháil, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse Idirlín chun a shuí cén fáth nach bhféadfaí an iarraidh rochtana a phróiseáil gan aon uimhir chuntais agus freastal ar an iarraidh rochtana ón duine aonair.
Thug an chuideachta freagra pras don Choimisiún, agus í ag glacadh leis nár cheart don ghníomhaire a bhí ag déileáil leis an duine aonair a rá leis nach bhféadfadh an chuideachta an iarraidh rochtana a phróiseáil. Mhínigh sí freisin nár lean an gníomhaire sin an próiseas ceart le haghaidh déileáil le hiarrataí rochtana ó dhaoine nach custaiméirí iad, agus dúirt sí go gcuirfí oiliúint bhreis cosanta sonraí ar an ngníomhaire lena mbaineann. Sholáthair an chuideachta cóip dá shonraí pearsanta don duine aonair freisin. Cé go bhfuair sé cóip dá shonraí pearsanta, dheimhnigh an duine aonair nár réitíodh an ní ach amháin tar éis idirghabháil ón gCoimisiún.