Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Díolúintí a bhaineann le scannánaíocht CCTV
Fuair an DPC gearán ó dhuine aonair maidir le h-iarratas ar rochtain a rinneadh chuig rialaitheoir sonraí, ar miondíoltóir a bhí ann. Ba iad na dlíodóirí a bhí ag gníomhú ar son an duine aonair maidir le héileamh ar dhíobháil phearsanta a chuir an t-iarratas ar rochtain isteach maidir le tréimhse coicíse inar tharla an teagmhas líomhnaithe. Bhí siad ag iarraidh taifid den teagmhas, lena n-airítear scannánaíocht CCTV. Eisíodh sonraí ach d’aithin an duine aonair nár eisíodh an scannánaíocht CCTV, an tuairisc maidir leis an timpiste agus ráitis ó fhinnéithe. Agus freagra á thabhairt ar an gceist ón duine aonair maidir leis na nithe seo, thug an rialaitheoir sonraí comhairle go raibh srian á chur le rochtain ar na nithe toisc go raibh sé riachtanach go seachnófaí aon bhac nó lagú a bheadh i gceist maidir leis na himeachtaí dlí agus/nó pribhléid dhlíthiúil a chur i bhfeidhm.
Aithníodh go bhféadfaí réiteach cairdiúil a bhaint amach i ndáil leis an ngearán seo faoi Alt 109 den Acht um Chosaint Sonraí 2018, tríd an ngearánach agus an rialai- theoir sonraí araon comhaontú chun oibriú leis an DPC d’fhonn an cheist a réiteach ar bhealach cairdiúil. Mhol an DPC don rialaitheoir sonraí liosta a ullmhú ina gclárófaí aon nithe a raibh an eagraíocht a chur díolúine i bhfeidhm ina leith, agus ina gclárófaí an díolúine ar a raibh sé ag brath freisin. I ndiaidh don DPC an liosta a fháil, rinne an DPC iniúchadh ar na díolúintí a bhí á n-úsáid agus d’fhéach sé le go léireodh an eagraíocht an bealach inar cinntíodh go raibh an srianadh riachtanach agus comhréireach. Chomh maith leis sin, d’iarr an DPC samplaí de na doiciméid a bhí le heisiúint ionas go bhféadfadh muid scrúdú a dhéanamh ar an mbealach ina raibh na díolúintí á gcur i bhfeidhm.
I ndiaidh imscrúdú a dhéanamh, d’aithin an DPC go raibh roinnt sonraí pearsanta de chuid an duine aonair sna doiciméid agus d’iarr sé ar an rialaitheoir sonraí iad a eisiúint le hatheagraithe ábhartha iontu. Maidir leis an scannánaíocht CCTV, luaigh an DPC gurbh é an phríomhchúis a gabhadh na sonraí ná chun críocha slándála agus ní chun éileamh dlíthíochta a chosaint agus dá bharr sin, d’iarr sé go n-eiseofaí an scannánaíocht chuig an duine aonair le hatheagraithe ábhartha iontu. Ghlac an DPC leis go raibh na díolúintí eile á gcur i bhfeidhm mar is ceart de réir mar a rinneadh foráil in a leith sa reachtaíocht.