Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Cuardach neamhiomlán eagraíochta mar fhreagra ar Iarraidh Rochtana
Fuair an Coimisiún gearán ó dhuine aonair a chuir iarraidh rochtana faoi Airteagal 15 RGCS faoi bhráid cuideachta bainistíochta réadmhaoine. Bhí an duine aonair ag iarraidh rochtain a fháil ar aon sonraí pearsanta ar phróiseáil an eagraíocht faoi. Sa fhreagra uaithi, luaigh an eagraíocht go sainráite don duine aonair nár phróiseáil sí aon sonraí pearsanta i ndáil leis tráth a rinneadh an iarraidh rochtana ná tráth ar bith roimhe sin.
Le linn na céime measúnaithe, d’fhiafraigh an Coimisiún den duine aonair faoina chaidreamh leis an eagraíocht chun a shuí cé acu a bhí an eagraíocht ina “próiseálaí sonraí” nó ina “rialaitheoir sonraí” sa chás seo. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfreagra ón duine aonair agus ar na doiciméid tacaíochta a sholáthair sé, shuigh an Coimisiún gurbh ionann an chuideachta bainistíochta réadmhaoine agus an “rialaitheoir sonraí” cuí i ndáil leis an ngearán seo.
D’iarr an Coimisiún ar an eagraíocht mionsonraí breise a sholáthar faoi na cuardaigh a rinne sí chun aon sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine aonair a shainaithint. Sa fhreagra tosaigh uaithi, luaigh an eagraíocht go ndearna sí cuardach ar a ‘córas’ agus gurbh iad na haon sonraí pearsanta amháin a raibh sí in ann iad a shainaithint ná an iarraidh tosaigh a rinne an duine aonair. Cheistigh an Coimisiún na cuardaigh a rinneadh, agus d’iarr sé fianaise dhoiciméadach ar na hiarrachtaí a rinneadh chun sonraí pearsanta an duine aonair a aimsiú, lenar áiríodh iad sin a rinneadh i rannóga eile den eagraíocht.
Thug an eagraíocht breac-chuntas cuimsitheach ansin ar na cuardaigh a rinneadh, agus sholáthair sí an doiciméadacht tacaíochta ábhartha. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an gcomhfhreagras sin, agus shainaithin sé ina dhiaidh sin trí thaifead ina raibh sonraí pearsanta an duine aonair (dhá shonrasc
agus iontráil sonraí amháin ar chóras bogearraí), ar nithe iad nár soláthraíodh don duine aonair.
Tar éis tuilleadh caidrimh fhoirmiúil idir an Coimisiún agus an eagraíocht, soláthraíodh don duine aonair na trí dhoiciméad eile ina raibh a shonraí pearsanta.