Cás-Staidéir Gearáin maidir le hIarrataí Rochtana
Cinneadh Airteagal 60 maidir le Airbnb Ireland UC — Freagra moillithe ar Iarraidh Rochtana agus Iarraidh Léirscriosta
Taisceadh gearán in aghaidh Airbnb Ireland UC (“Airbnb”) le Coimisinéir Bheirlín um Chosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise (“Údarás Cosanta Sonraí Bheirlín”). Aistríodh an gearán chuig Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) ansin lena láimhseáil aige ina cháil mar phríomhúdarás maoirseachta.
Líomhain an gearánach gur mhainnigh Airbnb iarraidh léirscriosta agus iarraidh rochtana ina dhiaidh sin a chuir sé faoina bhráid a chomhlíonadh laistigh den chreat ama reachtúil. Ina theannta sin, luaigh an gearánach gur tharla sé, nuair a chuir sé an iarraidh léirscriosta uaidh isteach, gur iarr Airbnb air a aitheantas a fhíorú trí fhótachóip dá dhoiciméad aitheantais (“aitheantas”) a sholáthar, rud nár soláthraíodh do Airbnb roimhe sin. Ar dtús, d’fhéach an Coimisiún leis an ngearán seo a réiteach go cairdiúil trína phróiseas láimhseála gearán . Níor éirigh leis teacht ar réiteach cairdiúil, áfach, agus osclaíodh fiosrúchán ar an gcás. Ba iad seo a leanas na saincheisteanna lena n-iniúchadh agus lena gcinneadh ag an bhfiosrúchán ón gCoimisiún: (i) cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag Airbnb le cóip d’aitheantas an ghearánaigh a iarraidh tar éis dó iarraidh léirscriosta a chur isteach de bhun Airteagal 17 RGCS; (ii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Airbnb an iarraidh léirscriosta sin i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018; agus (iii) cé acu a láimhseáil nó nár láimhseáil Airbnb an iarraidh rochtana ón ngearánach i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Thug Airbnb freagra ar na líomhaintí ón ngearánach, agus é ag tabhairt údar leis an iarraidh uaidh ar aitheantas fótagrafach mar gheall ar na héifeachtaí díobhálacha a bheadh ann dá scriosfaí cuntas go héagórach. Chuir Airbnb in iúl gur féidir le dochar suntasach fíorshaoil a bheith ag baint le cuntas Airbnb a scriosadh go calaoiseach, lena n-áirítear, i gcás na n-óstach, an dochar eacnamaíoch a bhaineann le háirithintí a chealú agus leis an dea-thoil a gnóthaíodh sa chuntas a chailleadh agus, i gcás na n-aíonna, an baol go gcaillfeadh siad cóiríocht agus iad ag taisteal thar lear. Luaigh Airbnb nach rioscaí beagbhríocha iad sin agus nach mór bearta cuí a dhéanamh chun dul i ngleic leo . Luaigh sé freisin gur cruthúnas iontaofa aitheantais é doiciméad aitheantais a sholáthar chun iarraidh léirscriosta a fhíordheimhniú agus nach gcuireann sé aon ualach díréireach ar an duine aonair atá ag déanamh na hiarrata. D’áitigh sé gur féidir aitheantas fótagrafach a mheas a bheith ina dhroichead fianaiseach idir aitheantas ar líne agus aitheantas as line.
Chomhlíon Airbnb an iarraidh léirscriosta ón ngearánach ar deireadh. Bhailíochtaigh sé aitheantas an ghearánaigh trí rogha a thabhairt dó logáil isteach ina chuntas chun a aitheantas a fhíorú, gan aon ghá le haitheantas a sholáthar. Tar éis idirghabháil ón gCoimisiún, chomhlíon Airbnb an iarraidh rochtana ón ngearánach. Tar éis dó an fiosrúchán uaidh a chur i gcrích, ghlac an Coimisiún an cinneadh uaidh i ndáil leis an ngearán seo de réir Airteagal 60(7) RGCS an 14 Meán Fómhair 2022. Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb Ireland UC, an rialaitheoir sonraí, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí mar a leanas:
Airteagal 5(1)(c) RGCS
Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, de bhun Airteagal 5(1)(c) RGCS, nu- air a cheangail sé ar an ngearánach a aitheantas a fhíorú trí chóip dá aitheantas fótagrafach a chur isteach. Tharla an sárú seo in imthosca ina raibh réitigh nach raibh chomh sonraíbhunaithe céanna ar cheist an fhíorúcháin aitheantais ar fáil do Airbnb.
Airteagal 6(1) RGCS
Chinn an Coimisiún gur tharla sé, in imthosca sonra- cha an ghearáin seo, nach raibh an leas dlisteanach a shaothraigh an rialaitheoir ina bhunús dleathach bailí faoi Airteagal 6 RGCS le cóip d’aitheantas fótagrafach an ghearánaigh a iarraidh chun an iarraidh léirscriosta uaidh a phróiseáil.
Airteagal 12(3) RGCS
Chinn an Coimisiún gur sháraigh Airbnb Airteagal 12(3) RGCS i ndáil leis an dóigh ar láimhseáil sé an iarraidh rochtana ón ngearánach Tharla an sárú seo nuair a mhainnigh Airbnb faisnéis a sholáthar don ghearánach faoin ngníomh a rinneadh i dtaca leis an iarraidh rochta- na uaidh laistigh de mhí amháin ón iarraidh a fháil.
I bhfianaise mhéid na sáruithe, d’eisigh an Coimisiún iomardú chuig Airbnb Ireland UC, de bhun Airteagal 58(2)(b) RGCS . Ina theannta sin, d’ordaigh an Coimisiún do Airbnb Ireland UC, de bhun Airteagal 58(2)(d), leasú a dhéanamh ar a bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh iarrataí léirscriosta a láimhseáil chun a chinntiú nach gceanglófaí ar ábhair sonraí a thuilleadh cóip d’aitheantas fótagrafach a sholáthar nuair a dhéanann siad iarrataí léirscriosta sonraí, ach amháin i gcás go bhféadfaidh sé bunús dlí le déanamh amhlaidh a léiriú . D’ordaigh an Coimisiún do Airbnb Ireland UC mionsonraí faoina bheartais agus a nósanna imeachta inmheánacha athbhreithnithe a sholáthar dó faoin 4 Samhain 2022 . Chomhlíon Airbnb an t-ordú sin faoin spriocdháta socraithe.