Loga Nochta um Shaoráil Faisnéise 2025
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
Iarrataí Saorála Faisnéise a Fuarthas agus a Cuireadh i gCrích ar Fhaisnéis Neamhphearsanta le linn 2025
|
De bhun Sceideal 1, Cuid 1 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, tá an DPC faoi réir an Achta maidir le taifid a bhaineann le riaracháin ginearálta an Choimisiúin amháin. Tagraíonn an téarma “riarachán ginearálta” le taifid a bhaineann le bainistíocht an DPC mar eagraíocht, ar nós taifid a bhaineann le pearsanra, ceisteanna pá, earcaíocht, cuntais, teicneolaíocht faisnéise, cóiríocht, eagraíocht inmheánach, agus gnásanna oifige. Ní comhlacht um SF é an DPC ó thaobh taifid a bhaineann lena fheidhmeanna mar údarás maoirseachta um chosaint sonraí. Sa loga nochta thíos, leagtar amach sonraí iarrataí neamhphearsanta ar rochtain ar fhaisnéis a réitigh an DPC de réir an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Níl sonraí iarrataí ar fhaisnéis atá lasmuigh de raon an Achta um SF 2014 san áireamh sa loga nochta. |
|
Dáta na hIarrata |
Catagóir Iarrthóra |
Achoimre ar an Iarraidh |
An Bhreith a Tugadh |
Dáta an Fhreagra |
|
28/02/2025
|
Iriseoir |
Comhfhreagras idir an Coimisiún agus Oifig na nOibreacha Poiblí maidir leis an aistriú go dtí Príomhoifig nua an Choimisiúin |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
01/04/2025 |
|
18/03/2025 |
Duine Aonair |
Comhfhreagras maidir le hÁbhair Comhionannais |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
14/04/2025 |
|
30/05/2025 |
Duine Aonair |
Comhfhreagras maidir le haistarraingt tairisceana soghluaisteachta |
Géilleadh don iarraidh |
30/06/2025 |
|
12/06/2025 |
Iriseoir |
Taifid maidir le clár rioscaí agus tuarascálacha iniúchóra inmheánach/seachtrach |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
11/07/2025 |
|
01/07/2025 |
Duine Aonair |
Ráiteas ar chúiseanna maidir le haistarraingt tairisceana soghluaisteachta |
Géilleadh don iarraidh |
29/07/2025 |
|
28/08/2025 |
Iriseoir |
Taifid maidir le seirbhísí monatóireachta meán a cuireadh ar fáil don Choimisiún |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
25/09/2025 |
|
09/09/2025 |
Duine Aonair |
Taifid maidir le gearradh fíneálacha riaracháin ar mhórchuideachtaí roghnaithe teicneolaíochta |
Géilleadh don iarraidh |
07/10/2025 |
|
15/09/2025 |
Duine Aonair |
Taifid breise maidir le haistarraingt tairisceana soghluaisteachta |
Géilleadh don iarraidh |
13/10/2025 |
|
20/10/2025 |
Iriseoir |
Taifid maidir le dul chun cinn ar mholtaí iniúchóireachta agus rianaire iniúchóireachta inmheánach |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
18/11/2025 |
|
30/10/2025 |
Iriseoir |
a) cóip d’aon chomhfhreagras idir an Coimisiún agus a mháthair-roinn i dtaca lena leithdháileadh buiséid i mBuiséad 2026. b) cóip d’aon aighneacht réamh-bhuiséid ullmhaithe ag an gCoimisiún le húsáid nó le cur isteach roimh Bhuiséad 2026 |
Géilleadh don iarraidh |
28/11/2025 |
|
01/12/2025 |
Grúpa sainleasa |
Taifid maidir le miondealú caiteachais don Feachtas Fógraíochta “Smaoinigh sula bPostálann Tú” ón Choimisiún |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
02/01/2026 |
|
01/12/2025 |
Iriseoir |
Cás gnó agus caiteachas maidir leis an bhFeachtas Fógraíochta “Smaoinigh sula bPostálann Tú” ón Choimisiún |
Géilleadh don iarraidh go páirteach |
02/01/2026 |
|
15/12/2025 |
Iriseoir |
Líon na bhfíneálacha gearrtha ag an gCoimisiún agus rátaí bailiúcháin sna blianta go dtí 2025 |
Géilleadh don iarraidh |
09/01/2026 |